Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Rugadh ar an Chaiseal é, chuaigh sé na scoile i gCill Chartha agus b'í an iascaireacht an slí beatha a ba mhó a bhí ag muintir Cill Chartha. Iascaireacht an chéad obair a thosaigh Donnchadh uirthi ar fhágáil na scoile do. | 00:04:39 | |
Iascaireacht - Ag saothrú á mbeatha ar bhradáin agus ar scadáin. Cur síos ar an dóigh a théadh siad i mbun iascaireachta, líonta ar £5 agus trealamh eile le ceannach. | 00:01:47 | |
Am an iascaireachta agus na cineálacha éisc a bhíodh siad ag tarraingt isteach. Bhí bunadh Nolan ag ceannach an éisc. | 00:04:42 | |
Meath ar an iascaireacht. In 1983 dhíol sé a bhád, níorbh fhiú dóibh na líonta a chur amach níos mó. Níl oiread scadáin le fáil níos mó, cur síos ar an fáth le seo as siocar nach raibh na scadáin ábalta fáil isteach na cuaine leis na báid mhóra a bhí san fharragie. | 00:03:15 | |